Literature Ireland

Éireannaigh ag Aonach Leabhar Guadalajara i Meicsiceo

Éireannaigh ag Aonach Leabhar Guadalajara i Meicsiceo

Déanfaidh toscaireacht shuntasach scríbhneoirí, ceoltóirí agus foilsitheoirí Éireannacha ionadaíocht ar son na hÉireann ag Aonach Idirnáisiúnta Leabhar Guadalajara (an 25 Samhain – an 3 Nollaig 2023) i Meicsiceo. Tá Litríocht Éireann agus Cláirseach Éireann ag déanamh urraíochta ar thoscaireacht na hÉireann, le tacaíocht ó Chultúr Éireann.

Tá níos mó toscairí Éireannacha ann i mbliana toisc gur ainmníodh an tAontas Eorpach mar Aoi Oinigh. Le linn na hócáide seo a bheidh ar siúl thar naoi lá, cuirfear fáilte chuig an Aonach roimh 74 scríbhneoir ó gach cearn den Eoraip.

Cuirfidh na scríbhneoirí Éireannacha Colm Tóibín, Naoise Dolan*, Tadhg Mac Dhonnagáin, Louise Nealon agus Megan Nolan na leabhair is déanaí a scríobh siad i láthair agus pléifidh siad a gcuid scríbhneoireachta ar ardán domhanda, ag plé le scríbhneoirí ó Mheiriceá Láir agus Theas. Déanfaidh Nidhi Zak/Aria Eipe (Skein Press), Elizabeth Goldrick (Little Island Books), agus Micheál Ó Conghaile (Cló Iar Chonnacht) ionadaíocht ar son fhoilsitheoireacht na hÉireann.

Is é aonach leabhar Guadalajara, ar a dtugtar an FIL go háitiúil, an tríú haonach leabhar is mó ar domhan le líon níos mó ná 800,000 duine ag freastal air thar naoi lá.

Dúirt Stiúrthóir Chultúr Éireann, Sharon Barry: “Chuir ainmniú an AE mar Aoi Oinigh ag Aonach Leabhar Guadalajara na bliana seo ar chumas Chultúr Éireann tacaíocht a thabhairt do thoscaireacht shuntasach na hÉireann ag imeacht na bliana seo. Tá lúcháir orm go bhfuil Litríocht Éireann i gceannas ar thoscaireacht chomh láidir de scríbhneoirí Gaeilge ag oscailt doirse do dheiseanna amach anseo sa réigiún seo. Ina theannta sin, tarraingeoidh rannpháirtíocht ceoltóirí ó Chláirseach Éireann sa chlár cultúrtha níos leithne spéis mhór ó lucht éisteachta Mheicsiceo. Gan dabht, cuirfidh toscaireacht na bliana seo léargais luachmhara ar fáil a bheidh mar bhonn eolais dár ngníomhaíocht sa réigiún sna blianta amach romhainn.”

Ag labhairt faoi rannpháirtíocht na hÉireann, dúirt Sinéad Mac Aodha, Stiúrthóir Litríocht Éireann: “Is í an Spáinnis an ceathrú teanga labhartha is mó ar domhan le breis agus 350 milliún cainteoir i Meiriceá Láir agus Theas. Is í an aidhm atá againn leis an sárthaispeántas seo ná tuilleadh spéise a spreagadh i measc na gcéadta aistritheoirí agus foilsitheoirí a fhreastalaíonn ar an aonach i litríocht na hÉireann agus ar deireadh thiar í a fhoilsiú. Cuirfidh beirt chruitirí Éireannacha iontacha, Seamus Ó Flatharta agus Siobhán Armstrong le rannpháirtíocht Chláirseach Éireann, lenár dtoscaireacht náisiúnta agus saibhreoidh siad ár dtairiscint chultúrtha ag an ócáid ​​thábhachtach seo.”

Díreofar go speisialta ar litríocht na hÉireann ar an 30 Samhain, le haithriseoireacht mhór filíochta agus próis mar aon le ceol na cruite Gaelaí ag críochnú le léamh dán Seamus Heaney ‘At the Wellhead’ i ​​mBéarla, agus aistriúchán Spáinnise leis an aistritheoir Meicsiceach Pura Lopez Colomé.

Tá tuilleadh eolais faoi thoscaireacht na hÉireann chun Guadalajara ar fáil anseo agus tá eolas díreach faoin Aonach ar fáil anseo.

“Is álainn an onóir dom a bheith san áireamh i measc na scríbhneoirí ó Éirinn a bheas páirteach in Aonach Leabhar Guadalajara 2023. Agus ó tharla an fhéiniúlacht Eorpach a bheith chomh tábhachtach céanna dom is atá mo chúlra Gaelach Éireannach, is mór an pléisiúr a bheith ag dul ann agus an tAontas Eorpach faoi onóir ag aonach na bliana seo.” – Tadhg Mac Dhonnagáin

 

*Le cúnamh ón gComhairle Ealaíon.

Posted to on 22 Nov 2023.