Literature Ireland

Tadhg Mac Dhonnagáin ainmnithe do Dhuais Litríochta an Aontais Eorpaigh

Ainmníonn Litríocht Éireann an t-úrscéal Gaeilge Madame Lazare do Dhuais Litríochta an Aontais Eorpaigh 2022

Tá an-áthas ar Litríocht Éireann a ainmniúchán don úrscéal Gaeilge Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin, arna fhoilsiú ag inphrionta Barzaz ag Futa Fata, a fhógairt do Dhuais Litríochta an Aontais Eorpaigh 2022. Is é seo an chéad uair a ainmníodh teideal Gaeilge.

Ceiliúrtar leis an duais, a riarann Cónaidhm na bhFoilsitheoirí Eorpacha sa Bhruiséil, saibhreas agus éagsúlacht an fhicsin atá ag teacht chun cinn ar fud na hEorpa agus cuirtear scaipeadh na litríochta chun cinn san Eoraip léi. Tá sé oscailte do na 41 tír sa chlár Eoraip na Cruthaitheachta agus, gach bliain, téann aon trian de na ballstáit sin san iomaíocht trí shaothar litríochta a ainmniú. Ba é Litríocht Éireann an comhlacht ainmniúcháin d’Éirinn in 2022, an eagraíocht náisiúnta a chuireann litríocht na Gaeilge chun cinn thar lear. I measc na dtíortha eile a bhfuil ionadaíocht á déanamh díobh sa bhabhta seo tá an Úcráin, an Spáinn, an tSlóvaic, an Rómáin, an Iorua, an Mhacadóin Thuaidh, an Liotuáin, an Iodáil, an Ghréig, an tSeoirsia, an Bheilg, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, agus an Ostair.

Ag labhairt di ag fógairt na n-ainmniúchán, dúirt stiúrthóir Litríocht Éireann, Sinéad Mac Aodha:

“Agus an Eoraip trína céile ag ionsaithe na Rúise ar an Úcráin agus ag an mbagairt is mó do luachanna daonlathacha na hEorpa an chéad seo, is cosúil go bhfuil sé go hiomlán oiriúnach ceiliúradh a dhéanamh ar chumhacht na samhlaíochta cruthaithí agus ar chumas an fhicsin chun comhthuiscint a chothú agus daoine a aontú.
Sampla foirfe de leabhar inar féidir é sin a dhéanamh ná Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin. Ag clúdach trí ghlúin, téann a raon tagartha ó Oileáin Árann san Atlantach go dtí an Bhruiséil agus Páras i gcroílár na hEorpa agus chomh fada soir leis an Eastóin. Díríonn an leabhar is Eorpaí seo ar cheisteanna teanga, féiniúlachta, cogaidh, imirce, cuimhne agus caillteanais, ábhair atá níos suimiúla fós i gcomhthéacs na géarchéime reatha. Is údar mór bróid é do Litríocht Éireann Madame Lazare, a scríobhadh agus a foilsíodh i gConamara in Iarthar na hEorpa, a ainmniú don mhórdhuais Eorpach seo. Guímid gach rath ar an údar agus ar an leabhar agus tá súil againn go sroichfidh Madame Lazare croí na léitheoirí ar fud na hEorpa agus go gcorróidh sé an croí iontu.”

Ag freagairt don ainmniúchán, dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin:

“Tá an-áthas ar fad orm gur roghnaíodh m’úrscéal chun ionadaíocht a dhéanamh ar son mo thíre agus na teanga ina n-oibrím ag Duais Litríochta an Aontais Eorpaigh. “Is mór an onóir é a bheith ar dhuine de cheithre scríbhneoir ficsin déag ar fud na mór-roinne a bhfuil a gcuid saothair á chur i láthair ag an duais do lucht léitheoireachta idirnáisiúnta níos leithne.”

Roghnóidh giúiré Eorpach ina mbeidh seachtar ball an buaiteoir trí chéile anois agus aithneoidh siad cúig theideal eile le haghaidh lua speisialta. Fógrófar an duais ar an 21 Aibreán ag Féile Leabhar Pháras.

Posted to on 30 Mar 2022.